Posted by: Bríd Ní Chualáin | 02/08/2017

Sorcas an Ghrá ar Inis Oírr

Is sorcas ceart é an grá…sorcas

An bhfuil do Dhiarmuid nó do Ghráinne aimsithe agat fós?  Bhfuil tú ag lorg craic agus cairdeas chomh maith le grá? Nó bhfuil cairde singil nua ag teastáil uait?

Má tá, bígí linn ar Oileán an Ghrá an mhí Mheán Fómhair seo. Tá muid ag súil go mbeidh neart stumpaí agus staiceanna ar Inis Oírr don 15 lá de mhí Mheán Fómhair. Tá FEICIM Inis Oírr ag eagrú deireadh seachtaine do dhaoine singil a bhfuil suim acu sa nGaeilge agus sa chraic.

Sa lá atá inniu ann, tá sé an-deacair bualadh le comrádaí atá ar an intinn céanna leat féin.  Shíleamar anseo ag FEICIM gur plean maith ócáid spraíúil a eagrú, deis do Ghaeil shingil teacht le chéile agus, ní bheadh fhios agat, b’fhéidir titim i ngrá!

Tá deireadh seachtaine lán de chraic eagraithe ag an bhfoireann, le caint agus comhrá, ceardlann scileanna sorcais, seó tine, imeachtaí lae agus oíche, bia blasta, agus neart ceol agus craic.

Beidh Sorcas an Ghrá lonnaithe ar Inis Oírr, an t-oileán is lú agus is deise d’Oileáin Árann i gCo. na Gaillimhe.

Tá costas €150 ar na ticéid don deireadh seachtaine.

Bígí linn, agus tit i ngrá leis an Oileán, leis an nGaeltacht agus lena chéile.

Ón 15-17 Meán Fómhair – Clárú in Óstán Inis Oírr @ 9pm ar an Aoine.

Cuir spás in áirithe duit féin ANSEO!

Líon isteach an cheistneoir seo – ní thógfaidh sé ach 4 nóiméad – agus coinneoidh muid ar an eolas thú faoin ócáid.

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 23/07/2017

CLG Inis Oírr 73%

Cé go bhfuil laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla ar Oileáin Árann, is féidir linn a rá go bhfuil muid fós ar cheann de na ceantair Gaeltachta is láidre ó thaobh na Gaeilge de.  Má bhristear síos na figiúirí de réir oileán, tá ráta na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachas ar Inis Oírr ag 72.86% – ach níl sé sin ach 5.86% níos airde ná an táirseach chinniúnach de 67% a theastaíonn le go bhfuil mbeidh an teanga fós beo mar theanga pobail.  Tá ionadaithe ó Choiste Pleanála Teanga Inis Oírr ag obair le hionadaithe ón dá oileán eile ar phlean teanga a réiteach do thrí Oileán Árainn le iarracht a dhéanamh ár dteanga dúchais a choinneáil beo do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.

Ní hé go bhfuil muid ag iarraidh an teideal a bhaint ó Gharmna – is ar mhaithe le soiléireacht atá muid ar ndóigh! 

http://tuairisc.ie/daonaireamh-2016-cad-iad-na-ceantair-ghaeltachta-is-laidre-agus-ca-bhfuil-an-culu-is-mo/  

“Is í toghroinn Gharmna, mar a raibh 72.3% de dhaoine trí bliana d’aois nó os a chionn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge in 2016, i gcomparáid le 65% in 2011, an ceantar is láidre sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge. ”

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 14/11/2016

Wild Atlantic Way

Wild Atlantic Way

People come from all over the world to get a taste of the Wild Atlantic Way, but this is only a taste whereas we at FEICIM provide a unique experience, a delight you’ll always cherish. We live up to our self-proclaimed title as the ‘best in the west’.  We deliver this experience in the native culture, in one of Ireland’s Gaelic strongholds, Inis Oírr the kingdom of Gaelic tradition.

Irish language learners, both nationally and internationally are drawn to FEICIM’s informal conversational classes and activity based learning model. A visitor with FEICIM gets the ‘lived experience’ and our range of activities include day-trips to the other two majestic Aran islands, Inis Meáin and Inis Mór.  This is true immersion, the lived experience and the essence of Gaelic culture, the true Wild Atlantic experience and certainly something not to miss.

An bhfaca sibh é seo?  Have a look at Island Ferries fab video.

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 14/11/2016

Cúrsaí 2017

tweetfudge.jpg

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 06/04/2016

Press Release – THE IRISH EDGE – new course for business

A new Irish language course for business begins on April 18 on Inis Oírr (Inishere) on the Aran Islands. This 5-day course will run by the Irish language promotion company, FEICIM.

Due to requests from business people across the country and from organisations in the Gaeltacht, we have designed this special language course to facilitate those who are seeking to improve customer services. There is a growing demand for services through Irish and FEICIM are well placed to facilitate those companies who want to get the Irish edge on their competitors. As well as classroom activities such as role-play and group work, we organise guided walks, craft workshops and other activities outside the classroom. Located in one of the strongest Gaeltacht areas, FEICIM courses provide the opportunity to be immersed and see the Irish language used naturally in the community.

FEICIM runs Irish language courses for adults every summer. These activity filled courses offer a chance for learners of all levels to take their language ability to the next level. This year we will have a special lecture to commemorate 1916 as well as an optional Scottish Gaelic class for higher levels. Each week all classes will get to take a day trip to one of our neighboring Aran Islands, Inis Meáin and Inis Mór. You can also be sure of plenty of music and craic every night in the local pubs! For more information about the new Irish Edge for Business course as well as details of all our summer courses visit: www.feicim.com. The special introductory fee for our Irish course for business is €200 and our regular Irish courses range from €250 p/w. You can keep up with our offers, news and competitions on social media channels www.facebook.com/feicim and https://twitter.com/feicim.

Phone: (087) 6774751

mapa de Inis Oírr

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 05/04/2016

Préasráiteas – Cúrsa nua do Ghnóthaí.

lonBeidh cúrsa Gaeilge do ghnóthaí ag tosnú ar an 18ú Aibreán ar Inis Oírr. Beidh an cúrsa 5 lá seo á reáchtáil in Áras Éanna ag an gcomhlacht FEICIM.

Tá an cúrsa nua seo á reáchtáil de bharr éilimh ó eagraíochtaí atá ag obair sa nGaeltacht agus dream atá lasmuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith le FEICIM an bearna seo a líonadh agus seirbhís a chur ar fáil dóibh sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Díreofar ar riachtanais na rannpháirtithe le linn an chúrsa 5 lá seo agus beidh béim ar ról-imirt, obair bheirte agus obair ghrúpa le linn an chúrsa. Beidh imeachtaí ar siúl lasmuigh den seomra ranga againn freisin ar ndóigh mar go bhfuil sé d’aidhm ag FEICIM go mbeidh deis ag gach duine an teanga a fheiceáil ag obair go nádúrtha i measc an phobail mar atá in oileán álainn Inis Oírr. Beidh siúlóidí treoraithe, ceardlainne ceardaíochta, amhránaíochta agus tuilleadh ar an gclár ama don chúrsa seo.

Bíonn cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag FEICIM gach samhradh agus is féidir eolas a fháil maidir leis na cúrsaí seo ar www.feicim.com. I mbliana beidh léacht speisialta againn mar chomóradh ar 1916 chomh maith le ceardlann roghnach ar Ghàidhlig na hAlban don ard-leibhéil. Beidh turas lae chuig Inis Meáin agus chuig Inis Mór ar an sceideal dóibh sin atá ag tabhairt faoi chúrsa coicíse. Ar ndóigh, beidh neart ceoil agus craic againn chuile oíche sna tithe tábhairne chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa do lucht gnó ar www.feicim.com/the-Irish-edge. Breis eolais ar fáil ar na meáin shóisialta faoi chomórtais srl.

Costas ar an gcúrsa 5 lá do ghnóthaí:  €200.

Tuilleadh eolais: 087 6774751

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 13/03/2016

Wild Atlantic Way

People come from all over the world to get a taste of the Wild Atlantic Way, but this is only a taste whereas we at FEICIM provide a unique experience, a delight you’ll always cherish. We live up to our self-proclaimed title as the ‘best in the west’.  We deliver this experience in the native culture, in one of Ireland’s Gaelic strongholds, Inis Oírr the kingdom of Gaelic tradition.

Irish language learners, both nationally and internationally are drawn to FEICIM’s informal conversational classes and activity based learning model. Our participants get the ‘lived experience’ and our range of activities include day-trips to the other two majestic Aran islands, Inis Meáin and Inis Mór.  This is true immersion, the lived experience and the essence of Gaelic culture, the true Wild Atlantic experience and certainly something not to miss.

See this Island Ferries video to give you a taste of the wild atlantic way.

Activity-based Language Learning

We at FEICIM understand that true learning occurs in engagement, and engage we do. We try and attend every learner’s needs. The visual and the auditory learner excels inside the classroom, but what about outside the classroom? These experiences are suited to everybody, but the kinesthetic learner in particular benefits. So why not try your hand at indigenous craftwork, catch yourself a fish supper, learn a tune on a tin-whistle, enjoy cultural workshops, swim in the beautiful clear waters of our blueflag beach, enjoy the live music in the bars at night or just relax in the evenings and benefit from a paddle along the sandy shore.  Check out our provisional schedule where you will see all the activities on offer on our Irish language courses for adults.

FEICIM 2016 – what’s new?

There has been much discussion about the 1916 Anniversary Commemoration and, at FEICIM, we like to think about the importance of coming together and focus on similarities rather than differences. We look at the Gaelic Continuum – this year we are delighted to announce a new international dimension:  a Scottish Gaelic workshop which will be available to anyone interested in the language of our nearest linguistic neighbors! This is what makes FEICIM special, access to traditional Irish culture blended with new concepts of language revival and supporting language minorities, be it on the Aran Islands or on the Isle of Skye.

Join us and take part in a truly unique experience, only to be found with FEICIM in Inis Oírr.

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 13/03/2016

Provisional schedule / timetable

schedule

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 11/12/2015

Bronntanas Nollag

Ceannaigh cúrsa Gaeilge do dhuine éigin an Nollaig seo
agus gheobhaidh tú €50 níos saoire é.

Is féidir leat an cúrsa a cheannacht ANSEO

agus seolfar Dearbhán chugat le bronnadh orthu.

Ceannaigh cúrsa duit féin don Nollaig

agus beidh an lascaine céanna agat féin!

Cúrsa Seachtaine €245 seachas €295

Cúrsa Coicíse €445 seachas €495

NOLLAIG SHONA!

Posted by: Bríd Ní Chualáin | 10/09/2015

Litir chuig an Taoiseach

roinn v arainn

An Roinn V Árainn                        Bhfuil Pleanáil Teanga ar an gclár ar chor ar bith?

Seo sliocht as an litir sin.

“Níl mórán ceantar ina bhfuil breis is 67% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge (Catagóir A) agus caithfidh muid iad seo a chosaint má tá aon seans againn an teanga a choinneáil beo sa nGaeltacht.  Is ionann 67% den phobal a bheidh ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch.  Léiríonn an taighde go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na tairsí seo.

Níl ach 21 den 155 toghrann Gaeltachta i gcatagóir A de réir dháileadh na faisnéise a bhaineanna le torthaí Dhaonáireamh 2011.  Má táthar chun an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga pobail sna ceantair seo caithfear pleanáil comhtháite a chur i bhfeidhm.  Ciallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh critéir teangeolaíoch i gceist le chuile fhorbairt  nó ar athrú ar bith a dhéantar ar an sochaí sna ceantair seo.  Tá an seirbhís aeir go Conamara riachtanach do na scoileanna ar na hoileáin, tá sé riachtanach do sheirbhís sláinte, don gheilleagar,  go deimhin do h-inmharthanacht na n-oileáin.  Má tá an rialtas ag iarraidh cuidiú le pobail Gaeltachta an teanga a chur chun cinn, caithfear a bheith níos cúramaí faoi na cinntí a dhéantar sa nGaeltacht.  Tá pleanáil comhtháite sna heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeltacht thar a bheith tábhachtach chomh maith le pleanáil comhtháite idir ranna.”

Older Posts »

Categories