Posted by: Bríd Ní Chualáin | 25/11/2013

cearta agus pleanáil teanga

Tháinig mé trasna ar seo ar maidin agus chur sé i gcuimhne dom nár chuala mé aon cheo ar ais ón aighneacht a sheol mé chuig BIM.  Tá mé tar éis scríobh ag an gCoimisinéir Teanga anois mar gheall air.

Is leis an Breitheamh Hardiman na foclaí seo as cás Ó Beoláin v Fahy agus Eile [2001].

“Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í  príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit nó de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil.”

Dóibh sin nach dtuigeann mo ghearán, ag caint ar an tionscnamh seo atá ag BIM feirm bradán a lonnú míle ó thrá Inis Oírr agus ceann eile amach ó chósta chonamara.  Níl BIM ag déanamh a ngnó linn sa gcéad teanga oifigiúil an stáit mar ba cheart .  Níl aon locht ag Údarás na Gaeltachta ar seo is cosúil – tá siad i bhfábhar an tionscnaimh seo agus níl aon chaint acu ar na himpleachtaí don Ghaeilge.  Is cosúil go bhfuil dearmad déanta acu tosaíocht a thabhairt don teanga – nach í an Ghaeilge an chúis iad féin a bheith ag saothrú sa gcéad áit.   Tá Aire na Gaeltachta (nach bhfuil in ann a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge) ag cur brú ar chomharchumainn Gaeltachta pleananna teanga a chur le chéile dá gceantair agus nach é an tÚdarás féin atá ag brú Béarla orainn nuair a thugann siad tacaíocht do chomhlachtaí lonnú sa nGaeltacht nuair nach ndéanann siad a ngnó trí theanga na Gaeltachta.   Na turcaithe ag vótáil don Nollaig agus iad ag súil go bhfuil líon na bhfeoilséantóirí ag ardú.  Tá fhios ag an mbuistéara go bhfuil muid fós i mí na marbh.

Advertisements

Responses

  1. Is pointe maith atá agat anseo! Caithfidh daoine díriú ar na himpleachtaí don Ghaeilge a bhaineann leis na feirm seo a lonnú i nGaeltacht ar bith! Tá súil agam go mbeidh an Coimsinéir Teanga in ann teacht i gcabhair ort agus an scéal a iompú thart.

    Maria


Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Categories

%d bloggers like this: