Is sorcas ceart é an grá…
An bhfuil do Dhiarmuid nó do Ghráinne aimsithe agat fós? Bhfuil tú ag lorg craic agus cairdeas chomh maith le grá? Nó bhfuil cairde singil nua ag teastáil uait?
Má tá, bígí linn ar Oileán an Ghrá an mhí Mheán Fómhair seo. Tá muid ag súil go mbeidh neart stumpaí agus staiceanna ar Inis Oírr don 15 lá de mhí Mheán Fómhair. Tá FEICIM Inis Oírr ag eagrú deireadh seachtaine do dhaoine singil a bhfuil suim acu sa nGaeilge agus sa chraic.
Sa lá atá inniu ann, tá sé an-deacair bualadh le comrádaí atá ar an intinn céanna leat féin. Shíleamar anseo ag FEICIM gur plean maith ócáid spraíúil a eagrú, deis do Ghaeil shingil teacht le chéile agus, ní bheadh fhios agat, b’fhéidir titim i ngrá!
Tá deireadh seachtaine lán de chraic eagraithe ag an bhfoireann, le caint agus comhrá, ceardlann scileanna sorcais, seó tine, imeachtaí lae agus oíche, bia blasta, agus neart ceol agus craic.
Beidh Sorcas an Ghrá lonnaithe ar Inis Oírr, an t-oileán is lú agus is deise d’Oileáin Árann i gCo. na Gaillimhe.
Tá costas €150 ar na ticéid don deireadh seachtaine.
Bígí linn, agus tit i ngrá leis an Oileán, leis an nGaeltacht agus lena chéile.
Ón 15-17 Meán Fómhair – Clárú in Óstán Inis Oírr @ 9pm ar an Aoine.
Cuir spás in áirithe duit féin ANSEO!
Líon isteach an cheistneoir seo – ní thógfaidh sé ach 4 nóiméad – agus coinneoidh muid ar an eolas thú faoin ócáid.
Leave a Reply